NOLLAIG

Geansaithe uafásacha, an ‘Toy Show’ agus mainséar le hainmhithe beo – cad iad na rudaí a chailleann daoine agus iad i dtír eile? Scríobhann Bee Ní Choitir faoina taithí i gCeanada

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

Seo an dara bliain agus mé as baile don Nollaig. Bhog mé chuig Ceanada in 2016. Is as an Fhrainc m’fhear agus leis sin tá traidisiúin dhifriúla á bhfoghlaim againn agus muid ag ceiliúradh ár gcéad Nollag le chéile. Agus muid inár n-imircigh anseo tá roinnt tuiscintí nua againn ar an Nollaig anois.

Is í do mháthair an duine is díomáiche nach bhfuil tú ag teacht abhaile. Tá tuiscint ann go dtagann chuile dhuine ar ais don Nollaig. Tá seo thar a bheith costasach agus deacair do dhaoine – agus anuas air sin, i mo thuairimse tá sé níos tábhachtaí go mbeinn sa bhaile don reifreann i mí na Bealtaine an bhliain seo chugainn.

Gan dabht mothaím go bhfuilim ag cailleadh amach ar an gcraic uilig; siopadóireacht sa chathair mhór le do chairde ar an ochtú lá, dul amach le geansaí Nollag uafásach agus ‘12 Pubs’ a dhéanamh; fiú nuair a thuigeann sibh nach ndéantar i

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.