PRÓIFÍL NA SEACHTAINE: DAIDÍ NA NOLLAG

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta - -NAOISE Ó CAIREALLÁIN

Is iomaí scéal agus traidisiún timpeall na cruinne a bhaineann le Daidí na Nollag. Ach cé hé go díreach?

Rugadh San Nioclás i mbaile beag Patara sa 3ú haois. Bhí Patara mar chuid den Ghréig ag an am ach anois is ar chósta na Tuirce atá sé.

Chaith sé a shaol ag cuidiú le daoine, go háirithe páistí agus daoine bochta.

Rinneadh naomh dó níos lú ná 100 bliain i ndiaidh a bháis.

Is air a bunaíodh an traidisiún de Dhaidí na Nollag. Thug muintir na hÍsiltíre ‘Sinter Klaas’ air.

Cé chomh sean agus atá Daidí na Nollag?

Tá Daidí na Nollag, nó Nioclás mar a tugadh air nuair a rugadh é, 1,747 mbliana d’aois! Deacair a chreidbheáil go dtiocfadh leat a bheith chomh sean sin ach rugadh sa bhliain 270AD é. Sin 20,964 mhí d’aois agus 638,090 lá d’aois!

Cad chuige a gcaitheann Daidí na Nollag éadaí dearga?

Níor chaith Daidí na Nollag dearg i gcónaí. I gcuid sean-íomhanna luatha dó, bhí clóca glas á chaitheamh aige.

Deir cuid daoine gur mar gheall ar fheachtas fógraíochta do ‘Coca-Cola’ ó na 1930idí ar aghaidh atá íomha an chóta dheirg chomh coitianta sin.

Ach tá fianaise de na héadaí dearga le feiceáil i bpictiúir eile ó na 1880idí agus bhíodh San Nioclás féin ag caitheamh dearg agus é mar Easpag sa 4ú haois.

Cé mhéad bréagán a mbíonn ar Dhaidí na Nollag a dháileadh ar pháistí an domhain?

Tá na milliúin páiste fud fad na cruinne i ndiaidh litreacha a sheoladh chuig Daidí na Nollag i mbliana agus iad ag fanacht le bronntanais éagsúla maidin Nollag.

Rinne an t-eolaí réaltfhisice Meiriceánach Linda Harden roinnt taighde agus deir sí go mbíonn ar Dhaidí na Nollag 353,000 tona de bhréagáin a dháileadh.

Sin obair mhór do na réinfhianna!

Cá bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag?

Tá tuairimí éagsúla amuigh ansin faoi áit chónaithe Dhaidí na Nollag nuair nach mbíonn sé ag taisteal timpeall an domhain

ag tabhairt bronntanas do pháistí na cruinne. Deir cuid daoine gur i Laplainn na Fionlainne atá cónaí air. Tá timpeall 34,500 réinfhia ina gcónaí sa cheantar – foirfe d’obair Dhaidí na Nollag! Sa Phol Thuaidh a deir daoine eile go bhfuil cónaí air. Tá sé sin ar cheann de na háiteanna is fuaire ar domhan agus cinnte go mbeadh neart sneachta ann. Ní aontaíonn muintir na Danmhairge go bhfuil cónaí air i gceachtar den dá áit sin, áfach – deir siadsan gur sa Ghraonlainn atá sé.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.