Anois, an Tuiseal Ginideach Iolra…
Tá dhá shaghas ainmfhocail san uimhir iolra, cinn le lagiolraí (weak plurals) agus cinn le tréaniolraí (strong plurals). Chun an Tuiseal Ginideach Iolra a dhéanamh, caithfidh tú é seo a thuiscint i dtosach!
Má chuireann tú ainmfhocal san uimhir iolra trí ‘-a’ a chur le deireadh an fhocail, nó trí chaolú a dhéanamh ar dheireadh an fhocail, is lagiolra é.
Má chuireann tú ainmfhocal san uimhir iolra trí aon athrú eile a dheánamh ar an bhfocal, is tréaniolra é!
Chun ainmfhocal a chur sa Tuiseal Ginideach Iolra, de ghnáth déantar trí athrú:
1. na 2. urú / n- roimh ghuta 3. Lagiolra (titeann sé siar go T.A. uatha) nó Tréaniolra (fanann sé mar an gcéanna)
1. Féach ar an ainmfhocal. Más LAGIOLRA atá ann, tá sé LAG agus titeann sé siar ar an bhfocal uatha sa tuiseal ainmneach/ an gnáthfhocal, sa bhunfhoirm. m.sh.
T.A. a nt-úll ----> na húlla
T.Gin. dath an úill ---> dath na n-úll!
2. Féach ar an ainmfhocal. Más TRÉANIOLRA atá ann, tá sé TRÉAN/LÁIDIR, agus fanann sé mar an gcéanna! m.sh.
T.A. an chathaoir ---> na cathaoireacha
T.Gin. dath na cathaoireach ---> dathnag cathaoireacha
Anois, téigh siar go dtí nótaí na seachtaine seo caite agus féach an féidir leat na colúin don Tuiseal Ginideach Iolra a líonadh. Beidh na freagraí againn duit an tseachtain seo chugainn.