Laochra na Todhchaí

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. -

Fuair peileadóirí óga ó gach cearn den tír deis stairiúil an tseachtain seo chun imirt ar fhód beannaithe cheannáras na gcluichí Gaelacha, Páirc an Chrócaigh, Dé Luain.

Fuair na cailíní deis imirt ar an bpáirc cháiliúil, chomh maith le seomraí feistis na n-imreoirí a fheiceáil agus taitneamh agus tairbhe a bhaint as seisiúin traenalá le cuid de na daoine is clúití sa pheil.

Bhí cumainn ó ghaeltachtaí Chonamara, Thír Chonaill, Chorca Dhuibhne, Mhaigh Eo agus Mhúscraí, mar aon le foirne ó ghaelscoileanna, páirteach sa Bhlitz a d’eagraigh an LGFA.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.