Idir eachtraí is éigeandáil ag wwoofáil do TG4 sa Téalainn

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Is iomaí eachtra a bhíonn ag ógánaigh ach bheadh sé deacair na heispéiris a bhí ag Tomaí Ó Conghaile agus Mairéad Ní Chuaig a shárú agus iad ag láithriú na sraithe is déanaí de wwoofáil ar TG4.

Sa Téalainn san Áise atá an tsraith is déanaí lonnaithe agus laistigh de 48 uair an chloig den chriú tuirlingt in Bangkok, príomhchathair na tíre, bhí Tomaí san ospidéal faoi dhó!

Is éard is ciall le wwoofáil ná bheith ag obair ar fuaid na cruinne ar fheirmeacha orgánacha. Is féidir le cuairteoirí dul ag obair ar fheirmeacha in áiteanna ar leith timpeall an domhain agus mar chúiteamh air sin faigheann siad bia agus lóistín saor in aisce.

“Is slí iontach é chun an domhan a fheiscint má tá tú sa tóir ar eachtraí agus casadh le daoine éagsúla ina mbaile féin – agus mura bhfuil tú ag brath ar chárta creidmheasa!” a dúirt Feilimí Ó Conchubhair, stiurthóir na sraithe. Is in Kolantha a tharla an chéad eachtra a d’fhág Tomaí san aonad timpistí agus éigeandála. Agus é ar cuairt ar fheirm tae, bhain feithid plaic as a lámh. Tharla sé gur céadchosach nimhneach a bhí ann. An lá dár gcionn bhí siad ar cuairt ar Scoil Moncaithe. Bhí Tomaí ag léiriú trua do mhoncaí a bhí ceangailte le slabhra – gur bhain sé greim as a chos! Agus iad ar fheirm eilifintí, chuaigh eilifint amháin ar strae agus bhain dráma leis sin. In áit eile bhí siad ag roinnt eispéireas le handúiligh drugaí agus eile. Bhain siad triail as go leor a bhí nua – idir dhornálaíocht na Téalainne agus suathaireacht. Beidh an deis agat eachtraí na beirte a leanúint ag a 10in amárach ar TG4. Ní bheidh aiféaltas ort!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.