Sráideanna BÁC le bheith BEO le Gaeilge

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Ní stopfaidh sneachta muid an uair seo! Sin é an ráiteas láidir ó lucht eagraithe Beo, an bhuaic-ócáid ag Bliain na Gaeilge a bheidh ar siúl sa phríomhchathair ag an deireadh seachtaine.

Bhí Beo le bheith ar siúl ag tús mhí an Mhárta ach ansin tháinig ‘Sneachta na Gaeilge’ chun an ócáid a mhilleadh.

Tá busanna eagraithe ag pobail Ghaelacha agus Ghaeltachta ar fud na tíre agus tá Conradh na Gaeilge ag súil leis na mílte ar shráideanna Bhaile Átha Cliath do pharáid ó Chearnóg Parnell go Cearnóg Mhuirfean mar a mbeidh siamsaíocht agus gleo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.