Tóraíocht na Fiannaíochta á léiriú ar fud na tíre ag Fíbín

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

Is beag áit ar fud na hÉireann nach ndeachaigh Diarmuid ó Duibhne agus a leannán, Gráinne, agus iad ag teitheadh ó Fhionn mac Cumhail is na Fianna, de réir na bhfinscéalta.

Agus sna seachtainí beaga amach romhainn beidh leagan drámatúil den scéal grá agus éada á thabhairt timpeall na tíre ag an gcompántas ildánach amharclannaíochta as Conamara, Fíbín.

Thosaigh an chamchuairt i nGaillimh an tseachtain seo agus beidh léirithe i gCorcaigh Dé hAoine agus i mBaile Átha Cliath agus Ceatharlach an tseachtain seo chugainn.

An stiúrthóir iomráiteach Mikel Murfi atá i mbun an dráma agus tá cliar den scoth aige chun an scéal ársa seo a insint.

Tá eolas faoi thicéid agus pacáiste oideachais do scoileanna chun daltaí a ullmhú le freastal ar an dráma ar fibin.com.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.