‘Athróidh na moil nuálaíochta seo an Ghaeltacht ó bhonn’ – Údarás

Osclófar 30 mol faoi 2020, ag cruthú ‘Ghréasán Digiteach na Gaeltachta’

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain. - Le Sinéad Nic Con Rí

Beartaítear 30 mol nuálaíochta agus digiteach a thógáil ar fud na nGaeltachtaí agus athróidh siad na ceantair sin ó bhonn, a deir ceannasaí Údarás na Gaeltachta.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Micheál Ó hÉanaigh le Seachtain go gcabhródh na hionaid nua, a mbeidh seacht gcinn acu ar oileáin Ghaeltachta agus sé cinn eile ar oileáin Ghalltachta, leis na ceantair a athnuachan.

Nuair a osclófar ar fad iad faoi 2020, cruthóidh na moil Gréasán Digiteach na Gaeltachta.

Tá formhór na mol nua digiteach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin nó gar di.

“Éascóidh na tionscadail gteic fiontraíocht, nuálaíocht agus cian-oibriú sa nGaeltacht agus tacóidh siad leo freisin,” a dúirt sé.

“Beidh an cur chuige sin, is é sin saoráidí oifige d’ardchaighdeán agus naisc idirlíon ardluais a sholáthar, ina chuid lárnach de straitéis an Údaráis as seo go ceann trí bliana. FEIDHMIÚ CÉIMNEACH “Beidh an tÚdarás ag oibriú le réimse páirtithe leasmhara chun gréasán mol digiteach a chur chun cinn i láithreacha éagsúla Gaeltachta ó Dhún na nGall go Port Láirge.” Dúirt Ó hÉanaigh go gcuirfeadh feidhmiú

céimneach na n-ionad deireadh le míbhuntáistí na gceantar tuaithe ina lonnófar iad.

“Beifear in ann tabhairt faoi obair agus gnó i láithreacha tuaithe Gaeltachta le áit ar bith ar domhan sna moil seo. Beifear in ann sin a dhéanamh go héifeachtach agus gan aon mhíbhuntáiste,” a dúirt sé.

“Beidh daoine in ann oibriú ó cheantracha tuaithe agus tairbhe a bhaint as caighdeán maireachtála inacmhainne den scoth.”

Osclaíodh trí mhol go dtí seo i mBéal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo, i nDaingean Uí Chúis, Contae Chiarraí agus i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.

Tá trí cinn eile le hoscailt níos deireanaí i mbliana – ar an gCeathrú Rua, ar an Spidéal agus i gCarna i gContae na Gaillimhe.

Ba cheart go mbeadh mol ar Árainn Mhór faoi cheann 12 mhí, a chuirfidh ar chumas gnóthaí áitiúla, scannánóir áitiúil ina measc, oibriú ar an oileán gan taisteal chun leathanbhanda ardluais a úsáid. Dúirt Ó hÉanaigh le Seachtain go mbeidh na moil gteic lárnach i straitéis an Údaráis chun cruthaitheacht, nuálaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta agus chun cuid de Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh le filleadh ar a gceantair dhúchais.

Faoi dheireadh 2017 bhí 7,503 post lánaimseartha agus 606 post páirtaimseartha i gcliant chuideachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Ó hÉanaigh nach raibh aon bhunús níos mó leis an tuairim go mbaineann comhlachtaí Gaeltachta le cúrsaí áitiúla amháin.

“Ríomhadh gurbh ionann díolacháin chliant chuideachtaí a nÚdaráis le haghaidh 2016 agus €844 mhilliún agus gurbh easpórtálacha 60% acu sin, nó €502 milliún,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Joe McHugh, a d’oscail mol Ghaoth Dobhair an tseachtain seo: “Cuireann sé deireadh leis an tuairim nach bhfuil ach tionscal cúng druidte sna Gaeltachtaí, nach bhfreastalaíonn ach ar phobal áitiúil. Tá siad níos mó ná sin.

“Ní bhaineann an Ghaeltacht le suíomh tíreolaíoch amháin níos mó. Tá sainordú tíreolaíoch ag baint léi ach is scéal idirnáisiúnta amach is amach iad smaointe ar nós gteic atá ag dul ó neart go neart.”

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.