Giolcacha as Gaeilge méadaithe faoi thrí in 2018

Irish Independent - Seachtain - - Líon.Nuachta -

B’fhéidir nach bhfuil Donald Trump, Uachtarán SAM, ag tvuíteáil as Gaeilge go fóill – ach tá go leor eile ag úsáid ár dteanga dhúchasach ar a rogha meán sóisialta.

De réir figiúirí a d’eisigh an tOllamh Kevin Scannell, bhí beagnach 5,000 giolc nó tvuít faoi haischlibeanna a bhain le Gaeilge ar Lá na Meán Sóisialta, an 16 Márta, i mbliana.

Tá méadú mór ar líon na ndaoine atá ag seoladh giolcacha as Gaeilge agus tá breis is 2m teachtaireacht i nGaeilge seolta ó bunaíodh Twitter.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.