DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE

Irish Independent - Seachtain - - Líon.nuachta -

DEA-SHEACHTAIN: MUIDNE

Nach cosúil le Los Angeles a bhí muid an tseachtain seo caite? Bhí leithscéal agam mo bhríste gearr a chaitheamh agus mo spéaclaí gréine a úsáid agus mé ag tiomáint – thar a bheith galánta a bhí sé.

D’fhág cách an obair le haghaidh leathlae, lorg muid ar fad limistéar uisce agus shocraigh muid ann mar threibh fhiáin a raibh gliondar orthu poll uisce nua a aimsiú. Rud an-phrimitíbheach, nasctha a bhí ann. An talamh, an t-uisce, an t-aer úr agus Cans™️.

Tá deis tráchtas PhD a dhéanamh ar an athrú a thagann ar iompar na tíre seo agus aon aimsir sa bhreis de chúig chéim déag ag tarlú.

Má tá aon antraipeolaí á léamh seo, tá an t-ábhar sin saor in aisce duit.

DROCHSHEACHTAIN: MUIDNE (FREISIN)

Anois don chéad ghníomh eile san eachtra

phrimitíbheach sin a raibh mé ag caint faoi. D’fhág muid an tír ar fad mar ghramaisc fhiáin a rinne an iomarca úsáide agus dianfheirmeoireachta ar ghiota beag in aice na habhann.

Laistigh de cheithre uair an chloig bhí gach baile cois farraige agus canála millte le bruscar agus boladh múin.

Tar éis LEATHLÁ den ghrian. Mar a deir fear an Bhéarla: Sin é an fáth nach féidir linn rudaí deasa a bheith againn.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.