BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.spórt - NÍ CHEALLAIGH @MaireTNC

Inniu an dara lá rásaíochta i mBaile Phúinse, agus cuireann sé clabhsúr iontach leis an séasúr.

I mbliana tá splanc bhreise ann agus an baol ann go gcaillfidh Willie Mullins an greim deich mbliana atá aige ar chraobhchomórtas na dtraenálaithe, a bhuíochas do Gordon Elliott.

Sin ráite, is amaideach an té a chuirfeadh Mullins as an iomaíocht ag an bhféile seo.

Anuraidh bhí sé go mór taobh thiar de chapaill Elliott go dtí gur tháinig an Aoine ag Baile Phúinse agus faoi dheireadh na féile bhí sé ina sheaimpín arís.

Tá níos mó spáis eatarthu i mbliana, agus níos mó taithí faighte ag Elliott, ach beidh le feiceáil faoi dheireadh na féile cé acu a bheidh ag ceiliúradh.

PIC: ALAN CROWHURST/GETTY

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.