Irish Independent - Seachtain

Ceist shamplach

-

Samhlaigh gur Liam thú. Scríobh cuntas dialainne agus tú san ospidéal an lá a rinne Daideo agus Mánus iarracht thú a fhuadach.

Freagra samplach

3 Deireadh Fómhair 2017 A dhialann dhil, Bhuel! A leithéid de lá! Táim fós ar crith le heagla! Tá pian i mo cheann agus mothaím lag fós. Deir na haltraí liom go ndearna Daideo iarracht mé a chur a chodladh le nimh éigin. Ní cuimhin liom sin. Deir siad liom go ndearna Daideo iarracht mé a fhuadach. Is fuadaitheo­ir é, de réir dealraimh, a d’fhuadaigh buachaill eile cúpla mí ó shin. Cathal an t-ainm a bhí air. Sin é an fáth gur ghlaoigh sé Cathal orm – ní ainm Dhaideo a bhí ann ar chor ar bith! Táim trína chéile ar fad! Tháinig mo mham anocht, an bealach ar fad ó Ghaillimh. Bhí sí ag gol agus rug sí barróg mhór orm. Chuir sí ceist orm cén fáth ar theith mé agus d’inis mé di go raibh mé brónach sa bhaile. Ceapaim nach bhfuilimid chun filleadh abhaile. Táimid chun fanacht anseo i mBaile Átha Cliath le m’aintín Máire ar feadh tamaill. Chuir mé teachtaire­acht Snapchat chuig Mícheál agus tá sé sona sásta go bhfuilim ceart go leor ach bhí uafás air nuair a d’inis mé dó faoi Dhaideo. Ní raibh an bheirt againn ag súil go mbeadh casadh mar sin ar an turas! Tá tuirse an domhain orm anois, táim chun iarracht a dhéanamh néal codlata a ghlacadh. Sin é uaimse go fóill,

Liam.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland