Smideadh ag cuidiú le bean teacht slán ó ionsaí

Irish Independent - Seachtain - - Front Page - PIC: BRIAN LAWLESS/PA

Scaoil gunnadóirí dílseacha Gemma McGrath naoi n-uaire agus d’fhag í chun bás a fháil cúig bliana ó shin.

Ach an tseachtain seo i mBéal Feirste léirigh sí go raibh sí ar ais ar a seanléim agus í ag glacadh le Gradam Iontaobhas an Phrionsa as a gnó féin a bhunú.

Agus í ag teacht chuici féin agus sáinnithe i gcathaoir rotha, d’fhoghlaim sí le smideadh a dhéanamh go gairmiúil. Anois tá a gnó féin aici i dtuaisceart Bhéal Feirste.

“Tá dhá bhrí leis an ainm ar mo ghnó, “MakeUpUrLife”, agus ní de thimpiste é sin, tá sé mar gheall ar smideadh cinnte ach mar gheall ormsa ag cur saol nua le chéile fosta.”

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.