An Ghé Cheanadach

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain Óg -

Ainm Eolaíochta: Branta canadensis Is i Meiriceá Thuaidh a fhaightear an ghé Cheanadach go nádúrtha. Bíonn sí ag pórú i gCeanada i dtuaisceart na Stát Aontaithe agus sa Ghraonlainn. Uaireanta fanann an ghé Cheanadach san áit chéanna ar feadh na bliana, go háirithe na cinn a fhaightear níos faide ó dheas. Ach, de ghnáth, téann sí ar imirce ó dheas i rith an gheimhridh. Má bhíonn an aimsir oiriúnach, is féidir léi taisteal suas le 2,400 km in 24 uair an chloig. Nuair a bhíonn ealta géanna ag eitilt le chéile bíonn eagar v-chruthach ar an ealta. Is suaithinseach an radharc é. Cé nach ainmhí dúchasach í, faightear an ghé Cheanadach san fhiántas in Éirinn anois. Is ó ghéanna a bhí á gcoimeád i mbailiúcháin phríobháideacha agus a d’éalaigh amach san fhiantás a shíolragh na cinn atá le fáil san fhiántas anseo. I gContae Fhear Manach, Co. an Dúin, Co. Liatroma agus Co. an Chabháin a fhaightear í den chuid is mó. Is luibhiteoir í an ghé Cheanadach, itheann sí féar, duillí, fréamhacha agus síolta. Tá imeall a goib mar a bheadh sábh ann agus cabhraíonn sé sin léi féar agus fásra a ghearradh nuair a bhíonn sí ag ithe. Is furasta an ghé Cheanadach a aithint mar tá dath dubh ar a ceann agus ar a muineál agus paiste bán, nó smigiris, ar a haghaidh atá an-suaithinseach ar fad. Dath liathdhonn a bhíonn ar a droim agus a cuid sciathán, agus dath níos éadroime ar a brollach.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.