Deis dul faoi oiliúint le Ros na Rún

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

An bhfuil rún agat a bheith i do réalta theilifíse ar chúl an cheamara?

D’fheadfá a bheith i d’oibrí fuaime nó i do cheamaradóir, i d’eagarthóir nó i do bhainisteoir úrláir, i d’ealaíontóir smididh nó fiú i do chuntasóir léirithe. Tá roghanna eile ar fáil freisin mar is iomaí bealach le slí bheatha a bhaint amach i saol na teilifíse.

Seo do dheis chun an oiliúint chuí a fháil ó shaineolaithe na gceirdeanna teilifíse! Tá Acadamh Ros na Rún ag lorg iarratas ó dhaoine ar mhaith leo slí bheatha a bhaint amach i ngnó na teilifíse ar chúrsa ina mbeidh taithí phraiticiúil ar an gclár iomráiteach agus eolas ó dhaoine gairmiúla i gceirdeanna teilifíse éagsúla.

Má tá dúil mhór agat sa Léiriúchán Teilifíse agus Gaeilge agat, seol CV agus nóta chuig info@greasannamean.ie, ag léiriú cén fáth ar iarrthóir oiriúnach thú don chlár oiliúna seo a mbeidh an-tóir air; 3.00 in, Dé hAoine beag seo an sprioc d’iarratais.

Ná caill do dheis a bheith i do réalta!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.