MÁIRE TREASA NÍ CHEALLAIGH: NÍL AN LOCHT AR O’NEILL NÁ AR A IMREOIRÍ

Irish Independent - Seachtain - - Front Page - le Máire Treasa Ní Cheallaigh

Tá cuimhne an-ghearr ag lucht tacaíochta fhoireann na Poblachta. Níl sé bliain ó bhronn an Danmhairg bualadh ollmhór ar an bhfoireann, a choinnigh amach ó spraoi Chorn an Domhain muid.

Chuala mé go leor ag gearán le cúpla lá faoin bpeil chosantach, leamh atá á himirt le seachtain faoi theoir Martin O’Neill. Ní fhéadfaí páipéar a oscailt gan colún ag gíoscán faoin stíl a léamh.

Caithfear glacadh leis nach bhfuil foireann d’ardchaighdeán ag O’Neill agus ní bheidh ná ag aon bhainisteoir eile go dtí go ndéanfar infheistíocht cheart i Sraith na hÉireann. Go dtí sin, caithfidh foirne a bheith cúramach.

Ní féidir leo rith agus ionsaí mar a dhéanann Learpholl. Cinnte, coinníonn imirt chosantach slua ciúin. Ach bíonn siad níos ciúine fós nuair a bhíonn cúil á sceitheadh.

Buille uafásach do mhuinín na foirne a bhí sa bhualadh sin i mí na Samhna seo caite, agus ní dóigh liom go bhfuil tuiscint cheart ag daoine ar an méid ama a thóg sé teacht uaidh, go háirithe nuair nach bhfuil caighdeán na foirne chomh hard lena gcéilí comhraic, atá ag cáiliú do na mórchomórtais.

PIC: RAMSEY CARDY/SPORTSFILE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.