Feachtas teanga seolta i Nua-Eabhrac

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Seoladh feachtas i Nua-Eabhrac chun fís chultúrtha Dhubhghlais de hÍde, céad uachtarán na hÉireann agus bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, a chur chun cinn.

Dar le Cuan Ó Seireadáin ó Chonradh na Gaeilge, beidh Fondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn – ainm cleite Dhubhghlais de hÍde – ag tacú le tograí ar fud na cruinne a thacóidh le hionannas na nGael a neartú agus béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt d’Ionaid Chultúrtha Ghaelacha.

Bhí an ócáid seolta i Nua-Eabhrac ag an deireadh seachtaine le ceolchoirm eisiach. Bhailigh na sluaite de Ghaeil-Mheiriceánaigh san ionad in Manhattan don ócáid ar leith seo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.