Bannaí ceoil a chanann i nGaeilge fágtha ar an imeall

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

“Táimse ag seinnt i mbuíon ceoil le breis is 30 bliain, tá 20 albam eisithe againn, táimid tar éis seinnt ag féilte móra idirnáisiúnta i 38 tír, tá ceol cumtha againn do scannáin a bhí ainmnithe do ghradaim Oscar ach fós déanann príomhstáisiúin raidió na tíre neamhaird dínn is iad ag réitiú a seinnliostaí.”

Sin atá le rá ag Rossa Ó Snodaigh ó Kila agus é ag seoladh achainí ar líne chun brú a chur ar stáisiúin raidió ar fud na tíre níos mó amhráin Ghaeilge a sheinm.

“Shílfeadh duine go bhfuil polasaí rúnda craoltóireachta aontaithe acu a deir nach seinnfear ach amhráin i mBéarla,” a dúirt Rossa.

Tá an achainí seo dírithe ar RTÉ agus ar stáisiúin eile idir náisiúnta is áitiúil ar fud na tíre mar gheall ar an neamhshuim a léiríonn siad d’amhráin Ghaeilge.

Is féidir teacht ar an achainí ar líne ag an suíomh change.org ach Rossa Ó Snodaigh a chuardach.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.