Macnas ag beartú ‘paráid ón spéir fhiáin’ i mbliana

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Tá an grúpa amharclannaíocht sráide iomráiteach Macnas ag beartú paráid ar leith i mbliana chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhórfhéile Cheilteach na Samhna.

‘Ón Spéir Fhiáin’ an téama a bheidh ag an bparáid a bheidh ag sníomh trí shráideanna stairiúla na Gaillimhe Dé Domhnaigh, 28 Deireadh Fómhair.

Is é seo an t-imeacht ealaíne saor in aisce is mó a bheidh in Éirinn i mbliana agus beidh na mílte ógánach agus ealaíontóir páirteach ann.

Beidh féasta do na súile is do na céadfaí ar fad sa pharáid i mbliana le tinte ealaíne, dealbhanna ollmhóra draíochtúla agus bannaí ceoil is drumadóirí páirteach ann.

Tá Macnas i mbun na bparáidí seo ó bhunaigh Páraic Breathnach agus cairde eile an grúpa le linn na 1980idí agus bhí go leor paráidí conspóideacha ann an uair úd.

Is cinnte go bhfuil conspóid sa chúlra arís i mbliana mar gheall ar an mbéim atá ar an ullmhúchán atá ar bun le haghaidh Ghaillimh 2020 nuair a bheidh Cathair na dTreabh mar phríomhchathair chultúir na hEorpa.

Ceaptar go mbeidh breis agus 50,000 ar na sráideanna ag 5.30 in trathnóna Dé Domhnaigh chun an pharáid seo a fheiceáil.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.