Seicliosta don scéal/eachtra

Irish Independent - Seachtain - - Réidh le Plé! -

1. An Tús – D’fhéadfá tosú le píosa beag mar seo: Trí bliana ó shin a tharla sé ach tá cuimhne an lae/na hoíche chomh soiléir sin i m’intinn go dtabharfainn an leabhar (I would swear) gur tharla sé inné.

2. Cá raibh tú?

3. Cathain a tharla sé? (Féach Uimhir 1 thuas)

4. Cén t-am den lá a bhí ann?

5. Cén séasúr a bhí ann?

6. Cén sórt aimsire a bhí ann?

7. Cé a bhí in éineacht leat?

8. Cad a bhí á dhéanamh agat/agaibh?

9. Cén giúmar a bhí ort/oraibh?

10. Cén t-atmaisféar a bhí ann?

11. Cad a tharla ansin?

12. Cad a chonaic tú/ sibh?

13. Cad a chuala tú/sibh?

14. Conas a mhothaigh tú/sibh?

15. Má tá carachtar ann, déan cur síos ar an gcarachtar.

16. Deireadh an scéil – D’fhéadfá críochnú le píosa beag mar seo: Ní dhéanfaidh mé dearmad go lá mo bháis ar imeachtaí an lae/na hoíche sin. Sin é mo scéal, creid é nó ná creid.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.