Spraoi agus spleodar ag Oireachtas Chill Airne

Irish Independent - Seachtain - - Front Page - PIC: SEÁN Ó MAINNÍN

D’fhreastail na mílte ar an Oireachtas i gCill Airne le linn an tsosa lárthéarma agus na sluaite ag glacadh páirte i gcomórtais sean-nóis, idir amhránaíocht is rince, scéalaíocht, lúibíní, agallaimh bheirte agus go leor eile.

Faoi dheireadh thiar d’éirigh le Máire Ní Chéilleachair, amhránaí seannóis ó Chill na Martra i gContae Chorcaí, Corn Uí Riada a bhuachan – bhí sí sa dara háit seacht n-uaire roimhe seo. Agus ghlac an ghlúin óg seilbh ar ‘Lár Stáitse’.

An bhliain seo chugainn is i mBaile Átha Cliath a bheidh mórfhéile na nGael agus beidh sé i nGaillimh in 2020.

Sa phictiúr thuas, feictear Damhnait Ní Fhátharta agus Labhaoise Ní Bhéarra, ó Indreabhán, Co na Gaillimhe, a bhí páirteach sa chomórtas Lúibíní.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.