Scéal drámatúil faoi shagart á lua le Oscar

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Tá scannán dátheangach Gaeilge agus Béarla a ndearnadh scannánú air i nGaeltacht Thír Chonaill á lua go láidir le Oscar.

Insíonn ‘Aithrí/Penance’ scéal cumhachtach faoi shagart a ghríosaíonn daoine chun cogadh a chur ar an mBreatain go dtí go mbíonn air aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí a chuid focal na blianta ina dhiaidh sin.

Iséan t-aisteoir aitheanta Peter Coonan, a raibh páirt lárnach aige sa tsraith iomráiteach theilifíse, Love/Hate, ar RTÉ, a ghlacann an phríomhpháirt sa scannán, an tAthair Eoin Ó Domhnaill.

Tá an scannán a stiúir Tom Collins á lua leis an ngradam Oscar don scannán i dteanga ‘eachtrach’ is fearr cheana féin. Tá sé ar thaispeántas i bpictiúrlanna ar fuaid Mheiriceá faoi láthair agus é ar fáil freisin ar ardáin éagsúla ar líne ar nós Amazon Prime. Tá clú agus cáil ar Tom Collins, arb as Doire dó ó dhúchas, as ucht an scannán ‘Kings’ agus an tsraith theilifíse ‘An Bronntanas’ a stiúradh. Beidh aisteoirí aitheanta ó shaol na Gaeilge ag coimeád súil amach don scannán nuair a thagann sé go hÉirinn i gceann tamaill nó bhí páirteanna ag go leor acu ann agus beidh aird ar leith ar thírdhreach álainn Thír Chonaill atá le feiceáil sa scannán!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.