Gradam Oireachtais do #NílSéCGL

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Bhuaigh an feachtas #NílSéCGL an gradam don fheachtas meán sóisialta Gaeilge is fearr ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge i mbliana.

Ba í an file agus an gníomhaí Ciara Ní É a thosaigh an feachtas agus ba é an sprioc a bhí aige tabhairt ar dhaoine samplaí de thromaíocht a rinneadh orthu de bhrí go raibh siad ag úsáid na Gaeilge a lua ar Twitter leis an haischlib #NílSéCGL.

Tugadh na mílte sampla den tromaíocht seo ó fud fad na hÉireann agus timpeall na cruinne.

Beidh Ciara i mbun ceardlanna filíochta an tseachtain seo chugainn ag meánscoileanna i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.