BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.Spórt -

Is cosúil gur a fhad agus a bheidh James McClean ag imirt peile go mbeidh ceist an phoipín á leanacht.

An tseachtain seo caite, d’eisigh an t-imreoir ráiteas ag míniú arís an t-údar atá aige gan an poipín a chaitheamh ach arís eile, níor shásaigh sin roinnt. Canadh amhráin chiníocha Dé Sathairn seo caite, agus tá sé in am ag Cumann Sacair Shasana seasamh níos láidre a thógáil in aghaidh an chineáil seo iompair.

Ní hé James McClean amháin a bhfuil ciníochas caite ina threo le linn cluichí le blianta beaga. Níl aon leigheas ar an scéal ach na daoine seo a choinneáil amach ó chluichí agus cosc a chur orthu.

Anuraidh, cuireadh 469 gearán mar gheall ar an gciníochas sa sacar i Sasana faoi bhráid na heagraíochta Kick It Out, atá ag obair in iarracht fáil réidh le ciníochas, ardú 20% ar an mbliain roimh ré.

Ní hiad gach duine atá cosúil le James McClean, atá ábalta seasamh suas dó féin agus cur in aghaidh na droch-íde. Caithfidh na húdaráis dul i ngleic leis, nó níos measa a bheidh sé ag éirí.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.