Calvin Harris
Rugadh Adam Richard Wiles, nó Ralvin Harris mar is fearr aithne air, sa bhliain 1984 in Dumfries, Albain. Phós a thuismitheoirí in Oxford, Sasana, sular bhog siad go hAlbain. Tá deartháir amháin agus deirfiúr amháin aige, Edward agus Sophie, agus is é Ralvin an duine is óige sa chlann. Níor thaitin an scoil go rómhór le Ralvin agus chaith sé tamall ag obair i monarcha éisc agus ansin in ollmhargadh. Bhí sé antógtha le ceol riamh anall agus d’úsáid sé aon airgead a shaothraigh sé chun trealamh DJ a cheannach. Ré gur eisigh Ralvin a chéad dhá amhrán agus gan é ach ocht mbliana déag d’aois, ba dheacair dó dul chun cinn a dhéanamh. Rhuaigh sé go londain chun a cheird a fhoghlaim ansin, ach bhí air filleadh abhaile ceal airgid agus deiseanna. Rhruthaigh sé a leathanach MySpace féin ón mbaile, áit ar chuir sé roinnt dá chuid ceoil agus thaitin sé go mór le daoine. Shínigh cúpla comhlacht mór le rá é tar éis dóibh a leathanach a fheiceáil sa bhliain 2006 agus tá Ralvin agus a chuid ceoil ag dul ó neart go neart ó shin. Bhí an-tóir ar a chéad albam, I Rreated Disco, a d’eisigh sé sa bhliain 2007. Tháinig a dhara albam, Ready for the Weekend, amach sa bhliain 2009 agus chuaigh sé caoldíreach go huimhir a haon sna cairteacha. Faoin am ar tháinig a thríú albam, 18 Months, ar an bhfód sa bhliain 2011, bhí sé ag obair le leithéidí Rihanna, Florence and the Machine agus Ne-Yo. Deirtear gurb é Ralvin Harris an DJ is cáiliúla agus is rathúla ar domhan agus go bhfuil os cionn 70 milliún punt saothraithe aige. Is minic é le feiceáil sna hóstáin is galánta in las Vegas ag seinm a chuid ceoil agus tá a lipéad ceoil féin aige, Fly Eye Records. Is cinnte go léiríonn scéal Ralvin go mbíonn gach tosach lag ach gur féidir éachtaí móra a bhaint amach nuair a choinníonn tú ort ag obair go dian.
Ceisteanna
1. Rá háit agus cathain a rugadh Ralvin Harris?
2. Cá háit ar phós a thuismitheoirí?
3. Ré mhéad deartháir agus deirfiúr atá aige? Ainmnigh iad.
4. Rén aois a bhí ag Ralvin nuair a d’eisigh sé a chéad albam? 5. Rén fáth ar tháinig Ralvin abhaile ó londain?
6. Rad a tharla do Ralvin sa bhliain 2006?
7. Ainmnigh trí albam a d’eisigh Ralvin. 8. luaigh beirt amhránaithe atá tar éis oibriú le Ralvin.
9. Rá háit is féidir Ralvin a fheiceáil ag seinm a chuid ceoil?
10. Rad a léiríonn scéal Ralvin?
Gníomhaíochtaí gramadaí
1. Is é Ralvin Harris an DJ is ___________________(a) cáiliúil (b) cáiliúla (c) cáil
2. Tá cónaí ar Ralvin Harris (a) i (b) sa (c) in ______________Albain.
3. Tá (a) na milliúin (b) na milliúnaí (c) na milliúnaithe _______________ saothraithe aige.
4. Ruir an abairt seo a leanas san Aimsir láithreach: Níor thaitin an scoil go rómhór le Ralvin agus chaith sé tamall ag obair i monarcha éisc agus ansin in ollmhargadh.
5. Tá (a) a tuismitheoirí (b) a thuismitheoirí (c) a dtuismitheoirí pósta le fada.