Arracht ag teacht go dtí an scáileán

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

Beidh a chéad taispeánta­s á fháil ag an scannán is déanaí ón scéim Ciné 4 i dTaillinn na hEastóine ag deireadh na míosa seo - díreach in am chun a bheith san áireamh le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do ghradam Oscar.

Tá go leor cainte faoi Arracht cheana féin agus daoine ag tabhairt le fios go bhfuil taispeánta­is éachtacha tugtha ag an gcliar aisteoirí sa scannán seo a rinneadh a scannánú i gConamara.

Is scannán dodhearmad­ta é Arracht, le scéal faoi theacht as dobrón agus faoi throid ar son na beatha.

Lonnaithe in Éirinn sa bhliain 1845, díríonn an scannán ar Cholmán Sharkey; iascaire, athair agus fear céile a ligeann strainséar isteach ina shaol.

Tagann Patsy, iar-shaighdiúi­r, go Conamara roimh thús na hAicíde Duibhe; galar barraí a chruthaigh an Plá Mór, a mharaigh agus a chuir na milliúin Éireannach ar imirce.

Tá an scannán ainmnithe do ghradam an Grand Prix ag Féile Scannán Thaillinn.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.