Irish Independent - Seachtain

Bhfuil sé róluath é seo a rá?

- DÁITHÍ Ó SÉ

Nollaig shona! Tá sé chomh maith againn géilleadh. Tá an fórsa chomh láidir na laethanta seo ná féidir é a sheachaint. Ní thógaim aon cheann dos na siopaí nuair a thosnaíonn siad ag cur earraí ar na seilfeanna ísle (uaireanta i rith an tsamhraidh) agus de réir a chéile bíonn siad níos feiceálaí.

Comhlachta­í atá taobh thiar den Nollaig anois, is dócha go bhfuil sé mar sin anois le tamall ach i mbliana tá ceann tógtha agam dó níos mó ná riamh. Tá fógra ag rith fé láthair ag rá ‘má chuireann tú d’ordú isteach anois beidh do tholg agat don Nollaig’ agus maithim an ceann seo. Is dóigh liom go dtuigfidh sibh canathaobh!

Tá fógraí do bhréagáin anois ag silleadh ó chainéil na bpáistí isteach do gach ceann eile. I mbliana don gcéad uair mar go bhfuil an leaid óg anois ag an aois sin feicim an brú a bhíonn ar thuismithe­oirí ag teacht suas go dtí an Nollaig.

Tá gach aon rud ag teastáil uathu. Tá sé tábhachtac­ht go mbíonn an freagra ullamh agus a rá ná bhfuil slí ag Saintí ach do rudaí áirithe agus go bhféachann sé níos fearr duit nuair a bhíonn sé ag féachaint ort agus tú id’ chodladh má lorgaíonn tú cúpla rud beag. Ní haon díobháil chomh maith NÍL a rá leo, fiú ag an aois óg seo.

Tagann rudaí chugainn sa phost ag an obair, rudaí deasa go minic. Tháinig bosca Déardaoin seo caite, ní raibh Deireadh Fómhair críochnait­he, agus cárta deas leis an mbosca. “Tá’s againn go bhfuil sé luath ach Nollaig Shona.”

Murach go raibh na rudaí a bhí istigh ann ana-dheas bheadh siad caite amach agam!

Taobh amuigh de gach sórt brú a thagann leis seo ar fad agus le bheith fírinneach is sinn fhéin a chuireann an brú seo orainn féin agus ar a chéile chomh maith.

Tá jab ag na comhlachta­í seo agus sin airgead a fháil uainn agus is féidir linn stad a rá ag aon phointe. Toisc go mbíonn an Nollaig chomh fada, baineann sé uaidh ar deireadh.

Bíonn daoine bréan dó nuair a thagann an lá mór féin. Ní bhíonn Lá Nollag ach críochnait­he agus bíonn an chaint ar fad ar Oíche Chinn Bhliana.

Bíonn deifir orainn dul go dtín chéad áit eile i gcónaí.

Bhíos fhéin ann ag an ndeireadh seachtaine, ar Sky tháinig na scannáin Nollag aníos mar rogha. Miracle on 34th St arsa mise le Rita.

Cheap sí go raibh mo cheann caillte agam agus is dóigh liom go raibh!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland