Irish Independent - Seachtain

Stair na hamhránaío­chta in Éirinn

-

Tá stair an-ársa ag an amhránaíoc­ht in Éirinn. Téann an amhránaíoc­ht siar na mílte bliain, ach níor tosaíodh ar na hamhráin a scríobh síos go dtí roinnt céadta bliain ó shin.Tá an sean-nós an-tábhachtac­h sa stair sin. Baineann daoine úsáid as an téarma ‘sean-nós’ chun cur síos a dhéanamh ar stíl chanta thraidisiú­nta, nó ar amhráin thraidisiú­nta na hÉireann as Gaeilge, ach is téarma conspóidea­ch é. Tá roinnt de na hamhráin níos sine ná a chéile. Is féidir amhrán seannóis a thabhairt ar amhrán ón 17ú haois nó ón 19ú haois – tá dhá chéad bliain eatarthu siúd! Is iomaí saghas amhráin atá ann, amhrán óil, grá, staire, polaitiúil, oibre, bróin mar aon le goltraithe agus suantraith­e.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland