An Garda Síochána: Gardaí na nDroch-chleachtas agus an Mhí-iompair
Eagraíocht stáit atá faoi bhrú millteach atá sa Gharda Síochána. Deir an-chuid saineolaithe sna meáin go bhfuil an eagraíocht loite ón mbonn aníos. Níl deireadh leis na scannail ar fad atá ag teacht ó cheanncheathrú na heagraíochta i bPáirc an Fhionnuisce, is cosúil. Drochphoiblíocht agus drochchleachtas a shamhlaítear anois leis an nGarda Síochána le tamall de bhlianta anuas. Tá coimisinéir nua ceaptha ar an bhfórsa ó Mhí Mheán Fómhair 2018. Drew Harris, duine taobh amuigh den Gharda Síochána, a ceapadh. Bhí sé ina Leasardchonstábla ar Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann roimhe seo. Póilín a bhfuil taithí na mblianta fada aige atá ann. Neosfaidh an aimsir an mbeidh sé in ann an eagraíocht, a bhfuil sé ina cheann feadhna anois uirthi, a réabadh as a chéile agus deireadh a chur le cultúr na ndrochchleachtas agus le cultúr an mhí-iompair san eagraíocht. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil géarghá leis.
Fórsa póilíneachta seanbhunaithe atá sa Gharda Síochána. Tháinig sé ar an bhfód cúpla mí tar éis bhunú an stáit sa bhliain 1922. Fórsa póilíneachta neamharmtha atá ann freisin, agus b’amhlaidh an scéal riamh anall. Is údar mórtais é seo don fhórsa féin agus, go deimhin, do mhuintir na hÉireann uilig. Is ábhar bróid é freisin gur cloíodh leis an bpolasaí sin thar na blianta in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ag an nGarda Síochána leis an IRA, ach go háirithe. Creideadh go forleathan go raibh an Garda Síochána in ann fanacht ina fhórsa póilíneachta neamharmtha, toisc go raibh lánmhuinín ag an gcosmhuintir as ar feadh na mblianta. Bhíodh an-mheas ag daoine ar an nGarda, nó ar an sáirsint áitiúil, fud fad na tíre, agus bhíodh dlúthnasc idir na gnáthdhaoine agus na Gardaí i gcónaí. N’fheadar an bhféadfaí é sin a mhaíomh anois.