Irish Independent - Seachtain : 2019-11-13

Seachtain.spórt : 12 : 12

Seachtain.spórt

Seachtain.Spórt 12 BUAITEOIR NA SEACHTAINE Claire Melia Imreoir cispheile ó Mhainistir Eimhín a fuair 23 pointe d’fhoireann Naoimh Seosaimh i Nua-Eabhrac. Concubhar Ó Liatháin le Dé Céadaoin, 13 Samhain 2019 An féidir breith ar Liverpool i bPríomhshr­aith Shasana? Táimid ar an dtaobh mícheart den Nollaig agus is cosúil go bhfuil an rás chun na glóire i bPríomhshr­aith Shasana thart cheana féin agus foireann Jürgen Klopp naoi bpointe chun cinn ar Manchester City tar éis bua cuimsithea­ch Liverpool ag an deireadh seachtaine. Níl foireann Pep Guardiola fiú sa dara háit – tá Leicester agus Chelsea pointe chun tosaigh orthu. Níl ach cluiche amháin as 51 caillte ag an bhfoireann ó bhruach an Mersey agus cé nach féidir Leicester, City ná Chelsea – agus Frank Lampard ag déanamh go maith ansin – a chur as an áireamh, is iad Liverpool féin an t-aon fhoireann gur féidir leo teacht idir an fhoireann agus caithréim dhearg na Bealtaine seo chugainn. Beidh Pep Guardiola míshásta gur séanadh cic pionóis ar a fhoireann sa chéad leath ach ní fhéadfadh sé a bheith ag argóint leis an gcúl a fuair Fabinho, cúl a bhain croitheadh as an líontán. Tharla seo ar fad in achar 21 soicind. Is cinnte go gcuirfidh sé seo ar fad aoibh an gháire ar fhear amháin a bhí sa slua - Seán Cox ó Chontae na Mí, an fear a fuair greadadh uafásach ó leantóir Roma an uair dheireanna­ch a bhí sé in Anfield. CAILLIÚNAÍ NA SEACHTAINE Mick McCarthy Is cailliúint mhór do bhainisteo­ir na hÉireann é Aaron Connolly a bheith gortaithe do chluichí na seachtaine seo chugainn. PIC: AP PHOTO/JON SUPER

© PressReader. All rights reserved.