DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: ÉIREANNACH SÁINNITHE SA SPÁINN
Ag fás aníos i gceantar tuaithe Chonamara, bhí ort i gcónaí “duine” a bheith agat le haghaidh síbe.
Go minic ní bhíodh ceadúnas tacsaí ná aon sainchúram seirbhíse poiblí ag an duine seo, ná, bhuel, criosanna sábhála, ach d’fhéadfá ghlaoch a cur orthu am ar bith.
Thiocfaidís amach as dorchadas na hoíche thar bun na spéire, rothaí ag cleatráil go bródúil. Ach is cuma cé chomh casta nó ait a bhí m’iarratas síbe, ní raibh turas 2,700km riamh agam.
Tá gnó tacsaithe i mBaile na Mainistreach i gContae Aontroma tosaithe ar thuras den achar sin ar chúis an-mhaith.
D’fhág Phil Hamilton, fostaí de chuid 365 Taxis, Éire an tseachtain seo caite chun a chara sa Spáinn a bhailiú mar gur cuireadh comhairle air gan eitilt tar éis deacracht sláinte a bhí aige níos luaithe sa mhí. Tá roinnt cairde ag teacht le chéile chun costas an turais a íoc agus chun Jim Moore a thabhairt abhaile go sábháilte.
Bheinn cúramach dá mba mise Phil nó beidh gach duine ag cur glaoch orm aon uair a theastaíonn turas simplí 3,000km uathu.
DROCHSHEACHTAIN: AG SUIRÍ SNA SEASCAIDÍ