Deireadh ag teacht le tríológ
Ní hionann é le Harry Potter ná le Star Wars ná le sraith leabhar George R Martin.
Tá sé níos fearr ná iad sin ar fad - is é sin tríológ Liam Mhic Cóil faoi eachtraí Lúcás Uí Bhriain agus é faoi choimisiún teachtaireacht rúnda a thabhairt chun na Róimhe in 1612, tráth a bhfuil na hIarlaí a d’imigh ó Éirinn ar deoraíocht ann.
Thosaigh sé leis An Litir agus in 2014 foilsíodh I dTír Strainséara agus, anois faoi dheireadh thiar, d’fhógair Leabhar Breac go mbeidh An Bealach Spáinneach ,an tríú leabhar sa tríológ á fhoilsiú go luath. Cá bhfios ach go mbeidh sé amuigh in am do Leabhra Feabhra!
Tá olltoghchán chugainn – tá sé sin ar eolas againn anois. Ach tháinig an chéad chomhartha ar an nDomhnach leis an scéal go raibh ardú €5 á fháil sa phinsean.
Tá sé ar nós go mbíonn eagla ortha na vótaí sin a chailliúint agus is cuma mar gheall ar an gcuid eile againn. Sea bhí cumhacht ag na vótaí liatha riamh, ach b’fhéidir go mbeidh an vóta sin ag dul i léig?
Tá plean pinsin nua ar an tslí agus beidh daoine ag obair go 68. Sea, 68!
Níl aon dabht ach nuair a bheadsa ag druidim sa treo sin go mbeidh cúpla bliain eile leis an 68.
Bhí cumhacht ag na daoine seo mar go raibh am acu ach rud éigin a dhéanamh fé rudaí nár thaithin leo, bhuel sin cad a cheap daoine agus ní raibh iontu ach seandaoine.
Sin an meon aigne a bhí ag daoine ina dtaobh. Bhí i bhfad níos ná sin ar a dtoil acu dar liom. Tá an t-uafás taithí agus cur amach ar an saol ag an ngrúpa seo.
Feictear iad na laethanta seo mar fheighlí leanaí agus a bheith ann mar thacaíocht clainne.
Tá i bhfad níos mó ná sin acu agus