Irish Independent - Seachtain

Oileán an Ghrá anois ar fáil as Gaeilge - nó an bhfuil?

-

Caithfidh nach bhfuil sé chomh fada ó shin go raibh Maura Higgins agus Greg is na cairde dár mealladh le póga milse agus le crón na gréine ar Love Island an tsamhraidh?

Ach seo chugainn Love Island arís - agus an uair seo tá leagan Gaeilge ann chomh maith.

Is féidir teacht ar Laura Whitmore ag cur Love Island i láthair ar Virgin Media 1 - ach ar Molscéal le TG4 tá dream dathúil eile ag iarraidh ár n-aird a mhealladh chuig Oileán an Ghrá.

Ní i bhfarraigí teo na hAfraice Theas atá Oileán an Ghrá ag TG4 ach ar Inis Píc - an t-oileán ar a mbíodh príosún agus garastún Sasanach.

Faoi láthair is é Seán an t-aon fhear ar an oileán agus tá Méadhbh agus Máire ag iarraidh é a mhealladh.

Níl Seán róbhuartha, áfach, mar mura n-aimsíonn sé an grá, bhuel tá camán, sliotar agus feadóg stáin aige chun an seal ar an oileán a ghiorrú!

DEA-SHEACHTAIN: TUSA?

Tá plé déanta againn cheana féin ar sheanearra­í luachmhara a aimsiú i do theach sna hailt seo. Bhuel níl sé seo leath chomh teibí ná suimiúil. Sin ráite, tá sé i bhfad níos simplí.

Níl aon vásaí Ming ná comhlacht ceantála i gceist, níl anseo ach airgead tirim curtha i dtaisce faoin tocht.

Dar le Banc Ceannais na hÉireann, tá £350 milliún fós le haistriú go Euro. Tá sé sin i bhfad níos mó ná bonn nó dhó i do tholg, sin beagnach 75 euro in aghaidh an duine in Éirinn faoi láthair.

Breathnaig­h thart i do theach. Ní fhéadfadh sé an morgáiste a íoc ná carr nua a cheannach ach d’fhéadfá roinnt airgid gan choinne a fháil, cosúil le banna daoncheoil Éireannach an tseachtain seo a chuaigh go barr na gcairteach­a le seanamhrán atá ag tabhairt an bhrabúis go léir do charthanas do dhaoine gan dídean...

DROCHSHEAC­HTAIN: FINE GAEL

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland