Deireadh leis an díospóireacht?
D’fhógair TG4 nach mbeadh Díospóireacht na gCeannairí ann don toghchán seo.
Is é seo an dara holltoghchán as a chéile nach mbeidh díospóireacht beo idir na ceannairí tar éis gur cuireadh tús leis an gcleachtas le linn Olltoghchán 2011.
Sa bhliain 2016, tugadh le fios nach mbeadh Gerry Adams ó Shinn Féin ná Joan Burton as Páirtí an Lucht Oibre ar a gcompord ag díospóireacht i nGaeilge le Enda Kenny agus Micheál Martin de bharr a gcaighdeáin Gaeilge.