Na Seamróga agus Cora Finne na curaithe – arís
Tháinig deireadh luath agus trodach le comórtais UileÉireann na gClub i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh nuair a d’éirigh le Seamróga Bhaile Uí Éil agus Cora Finne greim a choimeád ar na craobhacha iomána agus peile, faoi seach, a bhuaigh siad anuraidh.
Bhí an-chluiche idir curaithe Chill Chainnigh agus Buiríos Uí Luíoch ach bhí farasbarr trí chúilín ag foireann Henry Shefflin ag an bhfeadóg dheireanach.
Chríochnaigh an cluiche ceannais peile ar comhscór ach bhí Cora Finne rómhaith do Chill Chua san am breise agus bhuaigh siad a dtríú craobh as a chéile.