BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Beidh polaiteoirí is lucht vótála ag glacadh sosa an deireadh seachtaine seo ó fheachtas an Olltoghcháin chun féachaint ar choimhlint i bhfad níos cinniúnaí agus níos suimiúla.
An chéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún atá i gceist agus tá Éire ag tabhairt aghaidh ar Albain i Staid an Aviva.
Is tús ré nua é freisin nó is é seo an chéad chluiche gan Joe Schmidt mar bhainisteoir ná Rory Best i ról an chaptaein.
Anois tá Andy Farrell, athair Owen Farrell, sár-leathchúlaí lasmuigh Shasana, ina bhainisteoir agus is é Jonathan Sexton, Uimhir 10 na hÉireann, atá ina cheannaire ar an bpáirc ar fhoireann na hÉireann.
A fhaid is atá na polaiteoirí ag ullmhú dá lá cinniúnach féin ar an 8 Feabhra i bhfuacht agus i bhfliuchras gheimhreadh na hÉireann, beidh siad sásta a chloisteáil go bhfuil Andy, Jonathan agus na himreoirí eile ag ullmhú amuigh faoi ghrian na Portaingéile do chluiche an tSathairn.
Neosfaidh an aimsir an bhfaighimid an toradh atá uainn.