Cailín na Gaillimhe ag na Oscars
Cé nach raibh an t-ádh arís eile le Saoirse Ronan ag na Oscars, bhí bean Éireannach eile – agus cainteoir Gaeilge – ag baint ceol as an ócáid in Los Angeles chun onóir a thabhairt do lucht scannáin na cruinne.
Roghnaíodh an cumadóir ceoil Eímear Noone, ó Ghaillimh, chun an cheolfhoireann a stiúradh agus na ceolrianta san iomaíocht don ghradam ‘An Ceolrian is Fearr’ á gcur i láthair.
Tá clú idirnáisiúnta ar Eímear de bharr gurb í ‘Cailín na Gaillimhe’ a chumann an ceol d’fhíschluichí ar nós World of Warcraft.
An ceolrian don scannán Joker a bhuaigh an dealbh órga sa deireadh thiar!