An Triail
Gníomhaíocht bheirte
Sula bhféachfaimid ar an bhfreagra samplach faoi Mháire Ní Chathasaigh tá sé ríthábhachtach go mbeifeá in ann cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar an triúr príomhcharachtar sa dráma An Triail; Máire Ní Chathasaigh, Bean Uí Chathasaigh agus Pádraig Mac Cárthaigh. Ag obair leis an duine in aice leat sa rang líonaigí na boscaí seo le haidiachtaí a dhéanann cur síos ar an triúr carachtar seo. Tá aidiacht amháin tugtha cheana féin do gach carachtar.