Irish Independent - Seachtain

Fiosrach faoi SnaG i mbliana? Seo rogha bhreá imeachtaí duit

- Concubhar Ó Liatháin

Dhá bhliain ó shin ba é an sneachta a tháinig le Seachtain na Gaeilge agus i mbliana tá scáth an Choróinvír­is le braistint.

Ach níl tada chun stop a chur le spórt na mórfhéile náisiúnta seo chun an teanga náisiúnta a cheiliúrad­h thuaidh, theas, thoir agus thiar, ar fuaid na tíre agus timpeall na cruinne.

Tá réimse leathan imeachtaí ag titim amach i ngach cúige agus an bhéim ar dhaoine a mhealladh i dtreo na teanga atá acu a úsáid nó í a fhoghlaim is a athfhoghla­im. Agus i rith an ama seo, beidh tú ag baint taitnimh as!

SRUTH NA TEANGA

Seo stair na Gaeilge mar nár shamhlaigh tú riamh í, léirithe le samhlaíoch­t agus fuinneamh ag an gcompántas Branar mar chuid d’imeachtaí Ghaillimh 2020 do Sheachtain na Gaeilge.

INIS IRON MEÁIN

Más fearr leat rith maith ná ... rud ar bith eile, is ar Inis Meáin a bheidh do thriall don ócáid spóirtiúil seo. Tá rogha 5k, 10k agus 12k ar fáil. Tá tuilleadh eolais ar www.inisironme­ain.com

14 Márta, 12.30in

GAELGÁIRÍ

Más maith leat na scéalta grinn greannmhar­a agus dána, seo an áit le bheith le haghaidh oíche shiamsaíoc­hta den scoth le fuirseoirí atá níos fearr ná ‘The Joker’. Beidh pian i do bholg ón ngáirí go léir.

13 Márta, 9-10in

FÉILE SCOILDRÁMA­ÍOCHTA CHEATHARLA­CH

Tá sé seo ar cheann de na mórócáidí ar an bhféilire scoile nuair a bhíonn deis ag daltaí scoile a dtallann a léiriú ar an ardán.

4 Márta, 10rn-3in

FAOI NA RÉALTA

Le linn Sheachtain na Gaeilge ar fad, beidh deis ar leith agat camchuairt Ghaelach a fháil timpeall an réaltchóra­is sa Réadlann seo i gcathair Chorcaí.

1-17 Márta, 11rn-5in

SLÁINTE NA NGAEL: SUPER CÉILÍ

Is cinnte go raibh tú ag céilí le linn do shaoil - ach an raibh tú ag Super Céilí? Seo an banna ceoil a chuireann fuinneamh nua sa tseanchlas­aic agus is cinnte nach raibh tú ag céilí mar seo le linn oícheanta na gColáistí Samhraidh.

13 Márta, 8in

 ??  ?? VISUAL agus Amharclann GB Shaw, Ceatharlac­h
Réadlann na Dúcharraig­e, Corcaigh
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
VISUAL agus Amharclann GB Shaw, Ceatharlac­h Réadlann na Dúcharraig­e, Corcaigh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
 ??  ?? 2-29 Márta, Meán lae go 3in
Sean-Aerfort na Gaillimhe
Inis Meáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe
Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC
2-29 Márta, Meán lae go 3in Sean-Aerfort na Gaillimhe Inis Meáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland