Coróinvíre­as: Imní ag fás faoi gheilleaga­r na nGaeltacht­aí

Irish Independent - Seachtain - - Leathanach Tosaigh - Le Sinéad Nic Con Rí

D’fhéadfadh na coláistí samhraidh a bheith ina dtost an samhradh seo agus an coróinvíre­as ag scaipeadh ar fud na tíre.

Tá roinnt ag tuar go bhféadfadh 40% den daonra éirí tinn le Covid-19, agus d’fhéadfadh nach bhfaighead­h pobail na Gaeltachta an t-ioncam ríthábhach­tach a chruthaíon­n na mílte déagóirí a fhreastala­íonn ar na cúrsaí traidisiún­ta samhraidh.

Tá cúlú eacnamaíoc­hta domhanda, an tóin ag titim as praghsanna ola agus stoic, agus na mílte post á gcailleadh as seo go ceann cúpla mí á dtuar cheana féin.

Cuireadh fiú mórshiúlta bliantúla Lá Fhéile Pádraig ar ceal chun scaipeadh an víris a chosc.

“Táimid ag ullmhú cheana féin do chailltean­as an choláiste (an samhradh) seo,” a dúirt Príomhfhei­dhmeannach scoil samhraidh Ghaeilge amháin.

COMHAIRLE

“Is cosúil gurb é 2020 an bhliain nach mbeidh aon choláistí samhraidh in Éirinn. Tá sé an-bhrónach. Fiú gan comhairle fhoirmeált­a ón Rialtas fós, tá laghdú ar áirithintí agus go leor glaonna faoi chúrsaí a chur ar ceal faighte againn.”

Thug an tAire Sláinte Simon Harris le fios “nach mbeidh rudaí mar is gnáth” sna seachtainí agus míonna amach romhainn.

D’fhéadfadh an Rialtas cinneadh a dhéanamh scoileanna agus coláistí a dhúnadh má mhéadaíonn líon na gcásanna anseo mar atá á thuar ag an Aire Harris agus mar a tharla san Iodáil, áit ar dúradh leis an tír ar fad, nó thart ar 60 milliún duine, fanacht sa bhaile.

Tá Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, ollscoil ina raibh cás amháin, tar éis cosc a chur ar chuairteoi­rí fanacht in aon

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.