Bí cúramach faoin Dr Google – agus an víreas corónach san aer

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht - DÁITHÍ ÓSÉ

Is deacair do cheann a fháil timpeall ar Covid19. Tá dhá léamh ar an scéal agus níl sé éasca dúinn a dhéanamh amach cad is ceart a dhéanamh.

Tá daoine ag rá go gcaithfimi­d leanúint ar aghaidh agus a bheith cúramach, na lámha a ní agus mar sin do. Ar an dtaobh eile tá daoine eile ag ceannach boscaí páipéar leithris agus bia a mhairfidh go dtí an Nollaig. Deireadh an tsaoil nó Harmagadón atá i ndán dúinn má thógann tú ceann dos na meáin shóisialta agus sin ceann dos na fhadhbann sin an chéad stop atá againn anois má bhíonn aon eolas á lorg againn, é sin agus an Dr Google.

Tháinig cuid dos na comhlachta­í móra amach an tseachtain seo caite ag rá le daoine fanacht sa bhaile agus oibriú ón mbaile.

Deirtear chomh maith go mbeidh níos mó dó seo ag tarlú. Tá sé tosnaithe againn fhéin in RTÉ i gCorcaigh le formhór na ndaoine ag obair ón mbaile agus creatlach foirne istigh go deireadh na míosa. Bhreá liom a bheith ag obair ón mbaile ach ní oibríonn sé sin do láithreoir­í faraor!

Caithfimid ar fad a bheith airdeallac­h na laethanta seo, tá ana-chuid comharthaí ceiste fén Víreas seo i gcónaí.

Ag caint le Doctúir a bhí istigh linn an tseachtain seo caite, dúirt sé gur Víreas ‘ait’ a bhí ann agus go mbeadh sé deacair leigheas a fháil air.

Ní gá ach féachaint ar na daoine ar fad atá i gcoraintín san Iodáil i láthair na huaire. Cheapas ag an bpointe seo go mbeadh na scoileanna ar fad dúnta. Mar shampla má bhíonn an víreas seo i scoil éigin.

Caithfidh tú cuimhneamh go mbíonn na daltaí seo ag imirt spóirt le clubanna éagsúla, agus ag dul go ranganna eile taobh amuigh den scoil agus mar sin de. Tá sé éasca a shamhlú cé chomh tapaidh gur féidir leis seo scaipeadh.

Tá dhá bhunscoil cúpla míle uaim dúnta go lár na míosa dá bharr seo, cén fáth? Cá bhfios? An raibh an víreas seo sa scoil? Fúilleach ceisteanna gan mórán freagraí.

Fadhb eile a théann leis seo ná seans go bhfuil an víreas seo agat agus nach bhfuil na comharthaí á dtaispeáin­t agat agus tugann tú do dhaoine eile é.

Ar an dtaobh eile ar fad dó seo tá jab ana-chruaidh ag an Rialtas agus iad siúd atá i gceannas.

Níl mórán ann idir an t-eolas ceart a thabhairt agus daoine a choimeád socair agus daoine a thiomáint as a meabhair, deir daoine go bhfuil na meáin shóisialta ann chun é sin a dhéanamh!

Caithfimid ar fad a bheith foighneach agus tá’s agam go bhfuil sé deacair uaireanta, ach sa chás seo níl aon rogha againn.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.