Na Gardaí: An bhfuil íospartaigh eile ag Phillips?
Is ‘dócha’ gur ionsaigh an t-aisteoir ciontaithe Garrett Phillips mná eile roimhe seo, a deir próifíleoirí, agus iad ag athfhiosrú coireanna gnéis nár réitíodh riamh
Tá próifíleoirí coiriúla na nGardaí ag athfhiosrú coireanna gnéis nár réitíodh go bhfeicfear ar ionsaigh an t-aisteoir Garrett Phillips (46) aon duine eile, a d’fhoghlaim Seachtain.
Tá an t-aisteoir – le seoladh ag Ardán Mhuire, an Bóthar Ard, Gaillimh – a bhíodh ar Ros na Rún ag cur tús le pianbhreith sé bliana as bean a éigniú i nGaillimh i mí na Samhna 2015.
Stácáil sé a íospartach d’aon turas, a bhí
20 bliain d’aois ag an am.
Creideann saineolaithe sna Gardaí gur ‘dócha’ gur ionsaigh Phillips mná roimhe sin, bunaithe ar a bpróifíl d’fhear nach nglacann fós go ndearna sé aon cheo as bealach a ndúirt an breitheamh faoi fiú.
“Ní thosaíonn fear ar nós Phillips ag ionsaí sna ceathrachaidí. D’fhéadfadh íospartaigh eile a bheith ann ag dul siar na blianta,” a dúirt foinse amháin atá eolach ar an gcás.
“Ní thuairiscítear formhór mó na gcoireanna mar sin fós faraor, mar sin tá an-seans ann go bhfuil mná amuigh ansin nár labhair leis na Gardaí faoi ionsaí dá leithéid.
“D’fhéadfadh go spreagfadh ainmniú agus
aithisiú Phillips daoine eile le teacht chun cinn agus is cinnte go bhfáilteodh na Gardaí roimhe sin.”
Dúirt bean amháin a raibh aithne aici ar Phillips nuair a bhí sé lonnaithe i gConamara gur “slíomadóir” é an t-aisteoir agus go mbíodh sí míchompordach ina chuideachta.
“Bhí an méid a dúirt sé mí-oiriúnach agus gnéasach go minic. Bhraith mí míchompordach i gcónaí nuair a bhí mé ina chuideachta,” a dúirt sí.
“Bhí a ndearna sé leis an mbean óg sin uafásach, thar a bheith uafásach. Cheap sé gur dhia beag é i measc na mban. Bhíodh sé sotalach, agus chuirfeadh sé drithlíní faitís leat. Tá mé buartha go bhféadfadh gur ionsaigh sé i bhfad níos mó daoine.”
Agus pianbhreith á gearradh ar Phillips, dúirt an Breitheamh Onórach Creedon gur “ábhar imní” é nár ghlac sé freagracht iomlán as an gcion agus gur chreid sé go raibh sé comhthoiliúil.
D’ordaigh sí go ndéanfaí measúnú air le haghaidh clár teiripeach chun níos mó tuisceana agus léargais a fháil ar a chion agus ar a thionchar ar an íospartach.
Luaigh an breitheamh ráiteas tionchair an íospartaigh a léadh sa chúirt roimhe sin, ina ndúirt an bhean go mbíodh sí muiníneach, sásta agus go mbíodh ag éirí go maith léi ina cuid staidéir roimh an ionsaí.
“Ba thraein ag dul sa treo ceart mo shaol,” a dúirt an bhean. Os cionn dhá bhliain go leith níos deireanaí, is “duine athraithe” í agus theip uirthi dul ar aghaidh leis an ollscoil d’ainneoin a hiarrachtaí móra, a dúirt sí.
Tá sí i mbun comhairleoireachta agus ag tógáil frithdhúlagrán agus níl sí páirteach i spórt níos mó, cé go mbíodh sé sin an-tábhachtach di cheana. Dúirt sí gur cheistigh sí an fiú maireachtáil agus go mbíonn sí ag
streachailt le smaointe gur uirthi féin an locht as an éigniú.
Dúirt sí ó tharla an t-ionsaí, go mbraitheann sí fós ar nós an chailín sin a bhí scór bliain d’aois agus ag bualadh ar dhoras ag lorg cúnaimh.
Dúirt an bhean go raibh an próiseas cúirte, nuair a bhí uirthi suí cúpla orlach óna hionsaitheoir, ar cheann de na rudaí ba dheacra a raibh uirthi a dhéanamh riamh.
Dúirt sí gur cuireadh iallach uirthi labhairt faoi rud a chuir pian uirthi agus gur bhraith sí gur creideadh gur bréagadóir í nuair a bhí a cuid fianaise le tabhairt in imeacht dhá lá.