Irish Independent

Tóir mhór ar t-léinte ‘smigsmig’

-

Is é seo aimsir na t-léinte gan aon amhras agus má tá tú chun t-léine a chaitheamh, tá sé chomh maith agat ceann Gaeilge a roghnú.

Iarléirith­eoir raidió leis an BBC, Louise Smith, atá tar éis tús a chur leis an suíomh úr, smigsmig.com, chun t-léinte faiseanta agus greannmhar­a i nGaeilge a dhíol.

Tá t-léinte éagsúla ar fáil ó shuíomh smig-smig agus manaí ar nós An Teanga Bheo, Slán Abhaile agus, í ag súil leis an bhFleadh i nDroichead Átha an mhí seo chugainn, Fleadh-ed out!

Ar ndóigh tá suíomhanna eile ar nós An Spailpín Fánach ag díol t-léinte as Gaeilge fosta. Bí gaelach agus faiseanta an mana!

Newspapers in English

Newspapers from Ireland