Céard atá ar siúl ag Wimbledon – an bhfuil éinne fágtha ann?
Gach bliain ag Wimbledon tarlaíonn sé go gcuirtear imreoirí mór le rá amach as an gcomórtas gan choinne .I mbliana, tá sé craiceáilte.
Go háirithe ó thaobh chomórtas na mban. Sa chéad seachtain d’imigh naonúr den deichniúr ban is fearr rangaithe ar domhan. Ina measc bhí seaimpín na bliana seo caite, Garbine Muguruza, a cuireadh amach sa dara babhta. Faoin deireadh seachtaine ní raibh fágtha ach Karolina Pliskova.
Rudatá níos aite fós gurbh í an té atá rangaithe mar 181 atámar rogha na coitiantachta, Serena Williams, atá ag filleadh tar éis leanbh a bheith aici anuraidh. Is léiriú é seo nach bhfuil aon seasmhacht i measc na mban atá ag imirt, agus is ceist í sin a gcaithfear freagra a fháil uirthi.