Ceapachán chomhordaitheoir Mhúscraí le fógairt
Fógrófar go luath ainm an té atá ceaptha le bheith i mbun plean teanga Ghaeltacht Mhúscraí in iarthar Chorcaí a chur i bhfeidhm.
Tá plean uaillmhianach le breis is 70 beart ullmhaithe ag pobal na Gaeltachta agus níos túisce i mbliana fuair an plean cead ó Roinn na Gaeltachta dul ar aghaidh.
Go dtí seo tá beirt ceaptha le bheith ag cur pleananna teanga i gcrích i nGaeltacht Thír Chonaill.