Saol na nGael ag díriú ar Chill Airne d’Oireachtas na Samhna
Tá an domhan Gaelach is a mháthair ag triail ar phríomhbhaile turasóireachta na hÉireann le haghaidh mhórfhéile na Gaeilge an tseachtain seo.
Anocht a bheidh na Gradaim Chumarsáide agus na Gradaim do na Leabhair Ghaeilge is Fearr á mbronnadh agus beidh idir ghradaim is choirn le buachan idir seo agus oíche Dé Sathairn nuair a bheidh an comórtas mór ar bun.
Is é sin, gan amhras, Corn Uí Riada, agus amhránaithe ó gach Gaeltacht sa tír ag iarraidh an chraobh a bhuaigh Conchubhar Ó Luasa ó Chúil Aodha anuraidh a thabhairt leo abhaile.
Tá formhór an aicsin le bheith ar siúl in Óstán an Gleneagle agus in Óstán an Brehon. Is ann a bheidh Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar an Aoine lena chóisir mhór i bhforsheomra an óstáin agus cuid de mhór-réaltaí na Gaeilge ina theannta, leithéidí Nell Ní Chróinín, Shibéal Ní Chasaide agus Pólca 4.
Mura bhfuil tú á léamh seo i gCill Airne b’fhearr duit brostú ann!