Annual AGM coming up for Cumann na mBunscol
FIRST on the list of Allianz Cumann na mBunscol Girls activities this year is the Girls’ Wicklow Times Participation Day (third and fourth class girls football).
The focus of the day is on participation and giving as many children as possible the experience of playing football, regardless of experience.
There is no age limit on the children who are participating. Games will be nine-a-side with points only no goalkeepers.
Referee will throw in the ball on the half-way line after each score
The event takes place on Wednesday, October 4 from 11.45am to 1.30pm at Bray Emmets GAA Club.
Please respond by email to David McDonnell, Girls Football Officer (davidmc04@hotmail. com) to confirm attendance or text (087 7715885).
AGM - The annual AGM will take place on October 5 in the Parkview Hotel, Newtownmountkennedy at 5.00 p.m.
Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad socruithe ar ais anois agus go bhfuil tús maith curtha agaibh leis an scoilbhliain nua.
Táimíd ag súil go mór le sibh a fheiscint ag AGM Allianz Cumann na mBunscol Chill Mhantáin ar Déardaoin an 5ú Deireadh Fómhair ag 5pm in Ostán Parkview, Baile an Chinneigh. Más maith libh aon ghnó a ardú ann, failte romhaibh.
This is your chance to discuss Allianz Cumann na mBunscol activities in Wicklow and to help us improve our games, blitzes and participation days.
Your opinion counts. Ni neart go cur le chéile!
Young Journalist – My Day in Croke Park
Tá Scoil Chualann an-bhródúil as Emma Nesbitt! Bhuaigh sí comórtas scileanna camógaíochta Allianz/Cumann na mBunscol san earrach.
Bhí rímeád an domhain orainn nuair a chualamar go mbeadh sí ag imirt i bPáirc an Chrócaigh ar an 3ú Meán Fómhair le linn an chluiche cheannais iomána!
Seo an cuntas a scríobh Emma ar an lá iontach seo:
Páirc an Chróchaigh Dé Domhnaigh a bhi ann, an triú lá Meán Fómhair. Lá breá a bhí ann, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch is bhí na néalta boga bána ag trasnú na spéire!
D’éiríomar ag a hocht a chlog agus bhíomar réidh le himeacht ag ceathrú chun a naoi. Bhí mo dhearthaír agus m’athair liom ar an lá speisialta seo.
Bhuaileamar le chéile ag a 10 a chlog i halla mór agus dúradh linn na foirne ar a mbeimis ag imirt. Bhí mise le n-imirt ar fhoireann Phortláirge! Ina dhiadh sin chuamar go dtí Páírc an Chrócaigh agus tugadh an feisteas dúinn – geansaí, stocaí agus bríste. Ansin chonaiceamar na seabhaca a bhí acu ionas nach dtiocfadh aon einíní beaga ar an bpáirc imeartha!
Tar éis scaithimh chuamar go dtí ár suiocháin. Ansin bhí orainn imeacht agus reitíomar sinn féin chun imirt ag leath ama sa chluiche mionúir.
Bhíomar seasta ar thaobh an páirc imeartha. Bhí an lá go hálainn, bhí an t-atmaisféar go haoibhinn agus bhí gach duine chomh sceitimíneach nuair a shéíd an réiteoir an fheadóg.
Ritheamar amach ar an bpáirc agus chraitheamar lámha agus i bpreabadh na súl bhí an cluiche tosnaithe. Bhí scil agus cleas ag na cailíní uile. Bhíodar in ann an sliotar a bhualadh chomh fada sin. Ach bhí an t-adh liom gur scóráil mé cúl agus cuilín.
Ansin chuamar amach ar an bpáirc is bhí me seasta i lár na páirce le bratach mór, nuair a tháinig a t-Uachtarán amach ar an bpáirc.
Tar éis tamaill bhíomar suite in ár suíocháin ag féachaint ar an gcluiche cheannais. Gaillimh abú!
Beidh cuimhne agam go deo ar an lá a d’imir mé i bPáirc an Chrócaigh!