Scannal maidir leis na dídeanaithe
Iallach orthu a dtíortha féin a fhágáil agus anois maireachtáil i mbochtanas
TÁ DÍDEANAITHE, ar cuireadh iallach orthu a dtíortha dúchasacha a fhágáil de bharr géarleanúna, á náiriú ag córas leasa na hÉireann agus iad ag maireachtáil i mbochtanas anseo.
D’inis fear, a d’éalaigh go hÉirinn ó thrioblóidí sa tSomáil nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois, do Foinse go raibh air maireachtáil ar €100 sa tseachtain, tar éis dó Stádas Dídeanaithe a bhaint amach.
“Bhí mé ag fanacht ar feadh trí bliana sular aithníodh mar dhídeanaí mé. Nuair atá tú faoi 21 in Éirinn ní féidir ach €100 a fháil i liúntas do lucht cuardaigh fostaíochta. Bhí deacrachtaí ollmhóra agam mo bhillí ar fad a íoc as sin. Ghearr mé siar an méid bia a d’ith mé fiú. Rinne mé iarratas ar an €188 iomlán ach diúltaíodh dó faoi dhó.
“Ní cheapaim go bhfuil an córas cothrom toisc go dtugtar an íocaíocht chéanna do dhaoine atá ina gcónaí lena muintir agus a thugtar dóibh siúd nach bhfuil aon mhuintir acu anseo, daoine mar mise.
Bac
Dar le Fiona Hurley, urlabhraí na heagraíochta NASC, a thacaíonn le hinimircigh, seasann go leor bac rompu siúd a bhfuil Stádas Dídeanaithe sa tír seo uathu; moilleanna ollmhóra sa chóras san áireamh.
Níor éirigh ach le 24 duine an stádas seo a bhaint amach anuraidh, 1.1 faoin gcéad de na hiarratais a fuarthas.
“Tá easpa trédhearcachta ag baint leis an gcóras reatha,” arsa Hurley, “tá na cúirteanna tachtaithe le hiarratais ó iarrthóirí tearmainne.
“Is minic go mbíonn orthu cónaí in ionaid ar feadh na mblianta agus iad ag fanacht ar thoradh maidir lena n-iarratas. Ní féidir leo dul ag obair le linn na tréimhse sin agus má éiríonn leo Stádas Dídeanaithe a bhaint amach, bíonn sé andeacair orthu fostaíocht a fháil.
“Tugtar liúntas de níos lú ná €20 d'iarrthóirí tearmainne go seachtainiúil. Nuair a cuireadh an córas seo i bhfeidhm in 2000, measadh nach mbeadh daoine sna hionaid ar feadh níos mó ná sé mhí.”