Irish Independent - Seachtain

Dearmad déanta ar an gcúlú anseo

- Dáithí Ó Sé

Tá sórt dearmad déanta againn ar an eacnamaíoc­ht na laethanta seo mar go bhfuil an oiread sin imeachtaí ar siúl.

Ní haon díobháil é mar caithfidh mé a rá go raibh mé bailithe ag éisteacht le drochscéal­ta sa nuacht. Roimhe seo, ní raibh aon éalú uathu. Bhíodar mórthimpea­ll orainn agus nuair a bhíonn, tá sé deacair aon phíosa solais a fheiscint.

Tháinig an chéad solas i bhfoirm an tóirse Oilimpeach a tháinig go Béal Feirste ar dtús agus as sin ó dheas go Baile Cliath Átha.

Cheap mé go raibh sé go deas gurbh é Wayne McCullagh a thug an tóirse go Michael Carruth, laochra ón mbliain 1992.

Henry Shefflin an laoch a bhí i bPáirc an Chrócaigh. An féidir a rá gurbh é an t-iománaí is fearr dá raibh ríomh ann é?

D’fhéach ceannáras an CLG go hálainn an lá céanna. Ní bheadh aon chóisir ann na laethanta seo gan Jedward.

Beirt as a meabhair, ach ar shlí nádúrtha! Cheap mé go raibh sé go deas chomh maith go raibh cead acu siúd a d’iompar na tóirsí seo iad a choimeád. Anois sin rud a bheadh an-deas sa seomra suite.

I seomra Shefflin, beidh sé i measc 8 gcraobh uile-Éireann agus cúpla dorn ‘allstars’.

Ag fanacht le cúrsaí spóirt thosaigh na Euro’s, le bang! Bhí an Chróit i bhfad ró-láidir dúinn ach cé go raibh, tá féith ionann ár gceann a ardú agus gan ligean do rudaí mar seo cuir isteach orainn.

Lean an chóisir agus leanfaidh go deireadh is cuma cad a tharlóidh.

Cad a cheapann an chuid eile den Eoraip fúinn?

Níl faic cloiste acu fúinn le cúpla bliain anuas ach go bhfuil an tóin tite as an tír agus leis seo tá leath na tíre ar ‘stag party’ i lár na hEorpa.

Níl aon dabht ach go bhfuil an lucht leanta is fearr ar domhan againn. Cé go bhfuil cuid acu conspóidea­ch, Seáinín Fitz agus Mick Wallace ina measc.

Dá mbeadh an meon agus an dínit ag an mbeirt sin is atá ag na Gaeil ar fad a thaisteal, seans nach mbeadh an tír i bpoll chomh mór.

ICúlú: Recession Imeachtaí: Events Ag éisteacht: Listening Tóirse: Torch Cóisir: Party Laoch: Hero s cad faoi Once! ngradam Tony buaite acu! An ceoldráma is fearr ina measc. Scéal faoi dhaoine a chreid ina chéile agus an scannán a rinneadh ar bheagán a tháinig amach as.

É seo ar fad gan dabht tar éis Oscar a thabhairt leo. Laoch iontach ceoil é Glen Hansard, ba cheart dúinn níos mó aird a thabhairt air.

8

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland