Irish Independent - Seachtain

Comhlacht Éireannach ag dul ó neart go neart

- Orla Bradshaw

TÁ AG éirí thar cionn le comhlacht Éireannach, a chinn an cupán plaisteach is fearr leis na réaltaí ceoil i Meiriceá, a chur ar fáil in Éirinn.

Go dtí seo, tá breis agus 3 mhilliún cupán díolta in Éirinn amháin ag Red Cups, ó thug a mbunaitheo­irí, Declan Fahy agus a chara, Paul Cosgrave, go hÉirinn iad in 2009.

“Feictear na cupáin seo go minic i bhfíseáin cheoil de chuid Black Eyed Peas, Farrell, Kings of Leon agus eile. Bíonn stiúrthóir­í ag baint úsáide astu i gcónaí toisc go samhlaítea­r iad le ceiliúradh,” arsa Declan.

“Rinneamar iarracht teacht ar na cupáin in Éirinn agus ar líne roinnt blianta ó shin ach ní raibh siad ar fáil. Chonaiceam­ar ar fhóraim éagsúla go raibh go leor Éireannach á gcuardach.

Meiriceá

“Thógamar 100,000 linn ó Mheiriceá i samhradh 2009 agus díoladh iad ar fad ag Oxegen, Slane, Electric Picnic agus eile. Thuigeamar go raibh bearna sa mhargadh dóibh.”

Sheol Declan agus Paul cupáin ghlasa go speisialta chun rannpháirt­íocht na hÉireann in Euro 2012 a chomóradh. Tá sé ar intinn acu dathanna eile chomh maith le réimse iomlán de ghréithe plaisteach­a a chur ar fáil.

Tá siad ag súil go mbeidh a gcomhlacht in ann an rath chéanna a bhaint amach san Eoraip agus atá bainte amach ag táirgeoirí na gcupán sna Stáit Aontaithe.

Mar chuid de chomhpháir­tíocht nua le Tesco, cuirfear na cupáin ar fáil i 600 siopa sa Ríocht Aontaithe ó mhí Iúil ar aghaidh.

Ceiliúradh: Celebratio­n Rannpháirt­íocht: Participat­ion Réimse: Range Rath: Success

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland